Is mian le COMHARTaighde cosaint a dhéanamh ar shaothar acadúil cuid scríbhneoirí na ríomhirise mar aon le deis a thabhairt don phobal torthaí an léinn a scaipeadh go forleathan. I dtaca leis na hailt a fhoilsítear ar an suíomh seo, is le scríbhneoir(í) an ailt an cóipcheart. Is féidir le daoine eile téacs ailt a shábháil agus a scaipeadh go leictreonach nó i bhformáid chlóite, ar an gcoinníoll go dtugtar an t-aitheantas cuí don údar agus don ríomhiris araon agus ar an gcoinníoll nach ngearrtar táille ar rochtain a thabhairt don phobal ar an ábhar. Ní ceadmhach saothar a dhíorthaítear ó alt ar bith a foilsíodh in COMHARTaighde a fhoilsiú ná a scaipeadh gan toiliú an údair/na n-údar cuí a fháil i scríbhinn roimh ré. Más mian leat ábhar ón ríomhiris a úsáid chun críche d'aon saghas eile iarrtar ort teagmháil a dhéanamh linn. D'fhéadfaí go mbeadh socrú cóipchirt ar leith ann i gcás alt áirithe. I gcás mar sin, déantar na coinníollacha a shonrú san fhógra cóipchirt a chuirtear ar fáil ar leathanach an ailt féin.
Reuse Licence
Please see individual objects for licensing information