Cuid de bhailiúchán digiteach Sheáin Mhic Ghiollarnáth atá ar fáil ar DRI é an bailiúchán seo, ‘Lámhscríbhinní Scanta'. Tugtar comhaid íomhá PDF sa mbailiúchán seo de gach lámhscríbhinn ina iomláine. Stóráltar gach lámhscríbhinn mar oibiacht dhigiteach ar leith ar DRI. Sa bhailiúchán seo freisin tá íomhánna de Sheán Mac Giollarnáth, agus dóibh siúd a chuidigh leis ag bailiú scéalta agus seanchas an cheantair.
Béaloideasóir agus scríbhneoir é Seán Mac Giollarnáth (1880-1970). Chuir sé bailiúchán iomráiteach lámhscríbhinní le chéile, ábhar béaloidis a fhormhór, nuair a bhí sé ina bhreitheamh chúirt dúiche i gConamara (1925-1950). Tá na bunlámhscríbhinní lonnaithe anois le OÉ Gaillimh in Ionad an Acadaimh, Carna.
D’fhoilsigh sé cuid den ábhar seo i leabhair ar nós ‘Peadar Chois Fhairrge’ (1934), ‘Loinnir Mac Leabhair agus Sgéalta Gaisgidh Eile’ (1936) agus ‘Annála Beaga ó Iorrus Aithneach’ (1941). Craoladh sleachta óna chuid saothar, ‘Annála Beaga ó Iorrus Aithneach’ á léamh ag Liam Mac Con Iomaire (1986-87) san áireamh, ar Raidió na Gaeltachta. I 2003 agus 2004 tras-scríobhadh na lámhscríbhinní i bhformáid Microsoft Word agus ascnaíodh ina dhiaidh sin iad go PDF. I 2014 scanadh na lámhscríbhinní go digiteach i bhformáid PDF. Tá siad seo mar bhonn do bhailiúchán digiteach Sheáin Mhic Ghiollarnáth atá ar fáil ar DRI.
Cuirtear an 47 lámhscríbhinn agus 47 tras-scríbhinn, 3,807 leathanach i ngach ceann acu, i láthair mar cheithre bhailiúchán ar leith:
• Lámhscríbhinní scanta
• Leathanaigh scanta na lámhscríbhinní
• Lámhscríbhinní tras-scríofa
• Leathanaigh thras-scríofa na lámhscríbhinní
Tá bailiúchán bainteach eile ar DRI - Bailiúchán Raidió na Gaeltachta (Seán Mac Giollarnáth). Bailiúchán fuaime atá ann ó Chartlanna Raidió na Gaeltachta ar shaol agus ar shaothar Sheáín Mhic Ghiollarnáth.
Hide Irish
The ‘Scanned Manuscripts’ collection is part of the Seán Mac Giollarnáth digital collection which is available on DRI. This collection consists of PDF image files of each manuscript in its entirety. Each scanned manuscript is stored as a separate digital object on DRI. This collection also contains images of Seán Mac Giollarnáth, and of those who assisted him and recording local stories and folklore.
Seán Mac Giollarnáth was a renowned folklorist and writer. He compiled the manuscripts, mostly containing folklore material, while he was working as a district justice in Conamara between 1925 and 1950. The original manuscripts are currently held at NUI Galway in Ionad an Acadaimh, Carna.
He published some of this material in texts such as ‘Peadar Chois Fhairrge’ (1934), ‘Loinnir Mac Leabhair agus Sgéalta Gaisgidh Eile’ (1936) and ‘Annála Beaga ó Iorrus Aithneach’ (1941). Extracts of his work including ‘Annála Beaga ó Iorrus Aithneach’, read by Liam Mac Con Iomaire (1986-87) have been broadcast on Raidió na Gaeltachta. The manuscripts were transcribed into Microsoft Word format in 2003 and 2004 and subsequently migrated to PDF. The manuscripts were digitally scanned in PDF format in 2014. These now form the basis for the Seán Mac Giollarnáth digital collections which are available on DRI.
The Seán Mac Giollarnáth digital collection available on DRI consists of 47 manuscripts, or 3,807 pages, and it is presented as four separate collections:
• Scanned manuscripts
• Scanned individual manuscript pages
• Transcribed manuscripts
• Transcribed individual manuscript pages.
Another related collection on DRI - Bailiúchán Raidió na Gaeltachta (Seán Mac Giollarnáth) - is an audio collection from the Raidió na Gaeltachta archives on the life and work of Seán Mac Giollarnáth.
Hide English