By ticking "I agree" below you are agreeing to the use of cookies and to the terms and conditions of use as outlined above. These are also available on the End User Agreement page. For more information see our Privacy Policy.
Downloaded assets must be used in accordance with the DRI End User Terms and Conditions
Downloaded assets must be used in accordance with the DRI End User Terms and Conditions
Total number of assets (2)
This browser does not support viewing this file type. Please download the asset to view.
Transcript:
Bhí aige[1][2] Bríd Nic Cuarta cat mór
bán agus ba hiontach an cat seo i ndéidh luchógú[3]. Char d'fhág sé
luchóg thart fá na toighthe nár mharbh sé. Nuair a bhí sin réidh aige thoisigh sé gá
ngoid na héiní bheag[4] bhó[5] na cearca.
Bhí Séan[6] Óg Mhac
Cuarta ina sheasamh aige cladh an gharr(aidh) coineascar amháin agus
chonaic sé an cat ag teacht trasna agus éan leis ina mbéal[7][8]. D'ársaigh sé do na comharsanaigh agus
(deir)[9]
bean acu, "Ó, sin an buachaill a bhí ag tabhairt na cionnaí óga har[10] siúl. Char smaoinigh muinn[11] ariamh ar an
cat."
Chruinnigh cúigear de na buachaillí thart ine[12][13] toigh amháin an oíche sin agus
tharraing siad learógaí le haghaidh a fheiceáil gá hacu a bhéarfadh bás don cat.
Thuit sé ar Séan Óg Mhac Cuarta.
Ar an darna coineascar chonaic sé an cat ag teacht arís agus cnapán maith éan leis
ina mbéal. Síos leis chuige scioból Bríd, isteach ar sean-bhfuinneog dall a bhí insa
bhalla go díreach ar son an cat a theacht amach agus isteach am ar bith a thiocfadh
sé. Síos leis, Séan agus a chomráid a bhí aige, agus druid siad an sean-bhfuinneog le
clocha. Fuair ga'n[14]
duine acu bata ansin agus thoisigh siad i ndéidh an cat agus char stad siad gur
mharbh siad é.
D'ársaigh buachaill de na comharsanaigh do Bhríd gur mharbhadh an cat breá a bhí
aici.
"Ó, mo chat bán (glógach)! Gá hé a mharbh é?"
"Ó, cha dtig liom sin a hársaí duid. Má tá, duine inteach den chúigear a rinn é. 'Á
mbeadh fios agam gá hacu, dhéanfainn ceol orthu!"
"Má tá, tá an scéal seo go maith go dtiocfaidh an Féile Bríde,
Nuair a bhíonns an sac líonta is na luchógaí ag teacht,
Bhí Mícheál agus Stíobhán ar an chúigear a mharbh mo chat."
1. = ag. Bíonn siolla breise ag réamhfhocail i nGaeilge Oirthear Uladh go minic. Féach Heinrich Wagner, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 iml., BÁC, 1958-69), iml. 4, 295. Chomh maith leis sin, úsáidtear an tríú pearsa uatha firinscneach de réamhfhocal in áit an réamhfhocail shimplí. Féach Art Hughes, 'Gaeilge Uladh', in Kim McCone et al., Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 611-60: 657.
2. = ag. Prepositions often have an extra syllable in Omeath. See Heinrich Wagner, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 vols, Dublin, 1958-69), vol. 4, 295. In addition, the third singular masculine form is often used in place of the simple preposition. See Art Hughes, 'Gaeilge Uladh', in Kim McCone et al., Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 611-60: 657.
3. = luchóga. Cf. Mícheál Ó Mainnín, '"Goidé mar 's tá na fearaibh?": gnéithe de leathnú agus de fhuaimniú fhoirceann an tabharthaigh iolra sa Nua-Ghaeilge', Celtica 25 (2007), 195-224.
4. Leg. bhog?
5. = ó.
6. = Seán. Cf. Donn S. Piatt, 'Gaeilge Óméith', An tUltach 44:8 (1967), 10-11: 11.
7. Recte ina bhéal. Tá na claochluithe tosaigh trína chéile nó ar iarraidh ag an chainteoir seo.
8. Recte ina bhéal. Initial mutations are confused by this speaker.
9. Leg. d’ins?
10. = ar.
11. = muid. Cf. Hughes, op. cit., 656.
12. = i(n). Cf. 'anna' in Hughes, op. cit., 658; 'ine' in Seosamh Laoide, Sgéalaidhe Óirghiall (BÁC, 1905), 139.
13. = i(n). Cf. 'anna' in Hughes, op. cit., 658; 'ine' in Seosamh Laoide, Sgéalaidhe Óirghiall (Dublin, 1905), 139.
14. = gach aon/gachan.
Commentary:
Is éard atá i gceist leis an gcaismirt mhagaidh sa bhéaloideas ná scéal a bhfuil prós agus véarsaíochta ann faoi seach. Malairt leagain den sórt seo scéil atá an-choitianta ná an rannscéal, ina mbíonn rann ag deireadh scéil próis a dhéanann achoimre air nó a chuireann clabhsúr ar a bhfuil sa scéal, i slí ghreannmhar go minic. Tá an-tóir ar a leithéid sa traidisiún Gaelach. Is cosúil go raibh an scéal tosaigh fada sa sampla seo agus go raibh dán cuíosach gearr ag a dheireadh. Féach Donald Haase (ed.), The Greenwood encyclopedia of folktales and fairytales (3 iml., Westport, Ct, 2008), iml. 1, 158. Tá tras-scríobh ar an scéal seo leis in Heinrich Wagner agus Colm Ó Baoill, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 iml., BÁC, 1958-69), iml. 4, 296.
Translation:
Biddy MacCourt had a big white cat and it was a wonderful cat for chasing mice. He
left no mouse around the houses that he didn't kill. When he had done that he began
to steal the little chicks from the hens.
John MacCourt junior was standing at the garden wall one evening and he saw the cat
coming across with a chick in his mouth. He told the neighbours and one woman said,
"Oh, that's the boyo who was stealing away the little chicks. We never thought of the
cat."
Five of the boys gathered together in one house that night and they drew lots to see
which one of them would kill the cat. It fell to John MacCourt junior.
The next evening he saw the cat coming again with a fine lump of a bird in his mouth.
Down he went to Biddy's barn, in through an old shady window that was positioned in
the wall in such a way that the cat could go in and out whenever he wanted. Down he
went, John and a friend of his, and they closed up the old window with stones. Each
of them got a stick then and they set off after the cat and they didn't stop until
they had killed him.
One of the neighbourhood boys told Biddy that her fine cat had been killed.
"Oh, my purring(?) white cat! Who killed him?"
"Oh, I can't tell you that. All I can say is, one of the five did it. If I knew which
one, I'd make a song and dance of it!"
"Well then, all is well until Saint Bridget's Day comes,
When the sack is full and the little mice come,
Michael and Stephen were among the five who killed my cat."
Commentary:
The cante fable in folkloristic terms is a narrative that
contains alternating prose and verse. A very popular variation of this type of story
is known as a stave anecdote, whereby there is a verse at the end of a prose
narrative that sums up or concludes the events, often in a clever way. They are very
popular in Gaelic tradition. This example seems to have a long lead-in story, and a
rather short poem at the end. See Donald Haase (ed.), The Greenwood
encyclopedia of folktales and fairytales (3 vols, Westport, Ct, 2008), vol.
1, 158.
This story is transcribed also in Heinrich Wagner and Colm Ó Baoill, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 vols, Dublin,
1958-69), vol. 4, 296.