By ticking "I agree" below you are agreeing to the use of cookies and to the terms and conditions of use as outlined above. These are also available on the End User Agreement page. For more information see our Privacy Policy.
Downloaded assets must be used in accordance with the DRI End User Terms and Conditions
Downloaded assets must be used in accordance with the DRI End User Terms and Conditions
Total number of assets (2)
This browser does not support viewing this file type. Please download the asset to view.
Transcript:
Bhí feirmeoir ann agus bhí sé ag dul go dtí an t-aonach le tarbh. D'éirigh sé féin
agus a bhuachaill i ndeireadh na hoíche. Dúirt sé leis an mbuachaill dul amach agus
féachaint ar an gcráin mhuice ar eagla go mbeadh sí beirthe. Chuaigh an buachaill
amach. Tháini' sé isteach agus dúirt sé go rug[1][2] an chráin.
"Cá bhfuil na bannaí? (An mó iad) na bannaí?" arsa an feirmeoir.
"D'ith na muca eile iad," ar seisean.
"Is olc é," arsa an feirmeoir, "ach téir amach arís agus féach an bhfeicfeá aon ní
eile."
Chuaigh sé amach agus tháini' sé isteach arís. "Do leag an tarbh cruach na tuí," ar
seisean.
"Ní maith é sin leis," arsa an feirmeoir. "Ach téir amach arís agus féach timpeall
ort. Féach an bhfeicfeá aon ní eile."
"Ní raghad," arsa an buachaill.
"Caithfir dul," arsa an feirmeoir. "Níl an véarsa críochnaithe agat fós."
Chuaigh sé amach an tríú huair. D'fhéach sé timpeall air agus bhuail sé isteach.
"Cad a chonaicís anois?" arsa an feirmeoir.
"Ní fhaca pioc," ar seisean. "Tá na réilthíní ar dearglasadh ag cuir sheaca. Féach
tóin an chait sa luaith."
Ansan dúirt an feirmeoir, "Tá an véarsa déanta agat," ar seisean.
"D'ith na tuirc na hairc,
Do leag an damh an tuí,
Na réilthíní ag cuir sheaca,
Tóin an chait sa ghríos."
1. Leg. riug? Cf. Seán Ua Súilleabháin, 'Gaeilge na Mumhan', in Kim McCone et al. (eag.), Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 479-538: 527.
2. Leg. riug? Cf. Seán Ua Súilleabháin, 'Gaeilge na Mumhan', in Kim McCone et al. (eds), Stair na Gaeilge (Maynooth, 1994), 479-538: 527.
Commentary:
Scéal é seo as sraith scéalta a bailíodh agus a foilsíodh in alt in Béaloideas 3 (1931) ina bpléitear filíocht á cumadh gan ullmhú. Téann móitíf seo na filíochta á cumadh go spontáineach siar go dtí an litríocht Ghaeilge is luaithe, ina léiríonn filí a gcuid oiliúna agus an cumas fileata atá iontu agus iad ag aithris filíochta gan ullmhú. Mhair scéilíní dá leithéid sa traidisiún béil, agus bhí an-tóir ar ábhar den sórt seo i scéalta mar gheall ar fhilí mór le rá san ochtú agus sa naoú céad déag. Féach 'Filidheacht a gan fhios' in Gearóid Ó Murchadha, 'Eachtraí, véursaí agus paidreacha ó iarthar Chorcaí', Béaloideas 3 (1931), 212-39: 238. Tá gnéithe a bhaineann le béaloideas na haimsire sa scéal seo leis. Labhraíonn an file mar gheall ar chat a bhfuil a dhroim nó a chúl leis an tine; d'áirítí sa traidisiún gur chomhartha stoirme nó drochaimsire a bhí ina leithéid. Féach Micheál Ó Cinnéide, 'Tuartha aimsire i mbéaloideas na hÉireann', Béaloideas 52 (1984), 35-69: 49.
Translation:
There was a farmer and he was going to the fair with a bull. He and his boy woke up
at the end of the night. He told the boy to go out and look at the sow in case she
had given birth. The boy went out. He came in and said that the sow had given
birth.
"Where are the piglets? (...) piglets?" said the farmer.
"The other pigs ate them," said he.
"That's terrible," said the farmer, "but go out again to see if you see anything
else."
He went out and he came in again. "The bull knocked down the haystack," he said.
"That's not good either," said the farmer. "But go out again and look around you. See
if you see anything else."
"I won't," said the boy.
"You'll have to go," said the farmer. "You haven't finished the verse yet."
He went out a third time. He looked around him and went back in.
"What did you see this time?" said the farmer.
"I didn't see anything," he said. "The stars are shining brightly and making frost.
Look at the cat's bottom in the ashes."
Then the farmer said, "You have made the verse," he said.
"The boars ate the piglets,
The ox knocked over the hay,
The stars are making frost,
The cat's bottom is in the hot ashes."
Commentary:
This story is one of a number collected and published in an article in Béaloideas 3 (1931) which deals with the extempore composition
of poetry. The motif of spontaneous composition is one that dates back to some of the
earliest Irish literature, where poets display skill or ability through the impromptu
recital of verse. Similar anecdotes survived in oral tradition, and were very popular
in eighteenth- and nineteenth-century stories regarding famous poets. See
'Filidheacht a gan fhios' in Gearóid Ó Murchadha, 'Eachtraí, véursaí agus paidreacha
ó iarthar Chorcaí', Béaloideas 3 (1931), 212-39: 238. This
story also contains elements of weather lore. The poet speaks of a cat with its back
or rear facing the fire, which was traditionally seen as an omen of an approaching
storm or spell of bad weather. See Micheál Ó Cinnéide, 'Tuartha aimsire i mbéaloideas
na hÉireann', Béaloideas 52 (1984), 35-69: 49.