Cuireadh tús sa bhliain 2015 le hiris acadúil bhliantúil nua agus í sin piarmheasta ag foireann scoláirí ó institiúidí in Éirinn agus thar lear. Foilsítear saothar scolártha den chaighdeán is airde san iris seo, COMHARTaighde, sna réimsí seo a leanas de léann na Nua-Ghaeilge go háirithe: critic na litríochta agus an chultúir, léann na n-amhrán agus na dtraidisiún béil, agus sochtheangeolaíocht na Gaeilge. D’fhonn freastal ar phobal domhanda na Gaeilge in Éirinn agus thar lear, foilsítear an iris ar bhonn saor-rochtana trí mheán an idirlín. Creidtear nach bhfuil an iris seo in iomaíocht le haon tréimhseachán aitheanta eile, ach go bhfuil fóram piarmheasta á sholáthar aici do thaighdeoirí i réimsí léinn nach bhfuil an oiread sin láithreacha foilsithe ar fáil dóibh faoi láthair. Tá an togra ag eascairt as traidisiún fada na hirise míosúla Comhar mar láthair smaointeoireachta agus as bunfhealsúnacht na hirise maidir le scaipeadh thorthaí an léinn ar an bpobal is leithne.
Is mian le COMHARTaighde cosaint a dhéanamh ar shaothar acadúil cuid scríbhneoirí na ríomhirise mar aon le deis a thabhairt don phobal torthaí an léinn a scaipeadh go forleathan.
I dtaca leis na hailt a fhoilsítear ar an suíomh seo, is le scríbhneoir(í) an ailt an cóipcheart. Is féidir le daoine eile téacs ailt a shábháil agus a scaipeadh go leictreonach nó i bhformáid chlóite, ar an gcoinníoll go dtugtar an t-aitheantas cuí don údar agus don ríomhiris araon agus ar an gcoinníoll nach ngearrtar táille ar rochtain a thabhairt don phobal ar an ábhar. Ní ceadmhach saothar a dhíorthaítear ó alt ar bith a foilsíodh in COMHARTaighde a fhoilsiú ná a scaipeadh gan toiliú an údair/na n-údar cuí a fháil i scríbhinn roimh ré. Más mian leat ábhar ón ríomhiris a úsáid chun críche d'aon saghas eile iarrtar ort teagmháil a dhéanamh linn.
D'fhéadfaí go mbeadh socrú cóipchirt ar leith ann i gcás alt áirithe.
Reuse Licence
Please see individual objects for licensing information