By ticking "I agree" below you are agreeing to the use of cookies and to the terms and conditions of use as outlined above. These are also available on the End User Agreement page. For more information see our Privacy Policy.
Cuid de bhailiúchán digiteach Sheáin Mhic Ghiollarnáth atá ar fáil ar DRI é an bailiúchán seo, ‘Leathanaigh Scanta na Lámhscríbhinní'. Tugtar comhaid íomhá PDF sa mbailiúchán seo de gach leathanach scanta de gach lámhscríbhinn. Stóráltar gach leathanach mar oibiacht dhigiteach ar leith ar DRI.
Béaloideasóir agus scríbhneoir é Seán Mac Giollarnáth (1880-1970). Chuir sé bailiúchán iomráiteach lámhscríbhinní le chéile, ábhar béaloidis a fhormhór, nuair a bhí sé ina bhreitheamh chúirt dúiche i gConamara (1925-1950). Tá na bunlámhscríbhinní lonnaithe anois le OÉ Gaillimh in Ionad an Acadaimh, Carna.
D’fhoilsigh sé cuid den ábhar seo i leabhair ar nós ‘Peadar Chois Fhairrge’ (1934), ‘Loinnir Mac Leabhair agus Sgéalta Gaisgidh Eile’ (1936) agus ‘Annála Beaga ó Iorrus Aithneach’ (1941). Craoladh sleachta óna chuid saothar, ‘Annála Beaga ó Iorrus Aithneach’ á léamh ag Liam Mac Con Iomaire (1986-87) san áireamh, ar Raidió na Gaeltachta. I 2003 agus 2004 tras-scríobhadh na lámhscríbhinní i bhformáid Microsoft Word agus ascnaíodh ina dhiaidh sin iad go PDF. I 2014 scanadh na lámhscríbhinní go digiteach i bhformáid PDF. Tá siad seo mar bhonn do bhailiúchán digiteach Sheáin Mhic Ghiollarnáth atá ar fáil ar DRI.
Cuirtear an 47 lámhscríbhinn agus 47 tras-scríbhinn, 3807 leathanach i ngach ceann acu, i láthair mar cheithre bhailiúchán ar leith:
• Lámhscríbhinní scanta
• Leathanaigh scanta na lámhscríbhinní
• Lámhscríbhinní tras-scríofa
• Leathanaigh thras-scríofa na lámhscríbhinní
Tá bailiúchán bainteach eile ar DRI - Bailiúchán Raidió na Gaeltachta (Seán Mac Giollarnáth). Bailiúchán fuaime atá ann ó Chartlanna Raidió na Gaeltachta ar shaol agus ar shaothar Sheáin Mhic Ghiollarnáth.
Hide IrishThe ‘Scanned Manuscript Pages’ collection is part of the Seán Mac Giollarnáth digital collection which is available on DRI. This collection consists of PDF image files of each individual page of each manuscript. Each page is stored as a separate digital object on DRI.
Seán Mac Giollarnáth (1880-1970), folklorist and writer, compiled a renowned manuscript collection, mostly of folklore material, while he was district justice in Conamara (1925-1950). The original manuscripts are currently held at NUI Galway in Ionad an Acadaimh, Carna.
He published some of this material in texts such as ‘Peadar Chois Fhairrge’ (1934), ‘Loinnir Mac Leabhair agus Sgéalta Gaisgidh Eile’ (1936) and ‘Annála Beaga ó Iorrus Aithneach’ (1941). Extracts of his work including ‘Annála Beaga ó Iorrus Aithneach’, read by Liam Mac Con Iomaire (1986-87) have been broadcast on Raidió na Gaeltachta. The manuscripts were transcribed into Microsoft Word format in 2003 and 2004 and subsequently migrated to PDF. The manuscripts were digitally scanned in PDF format in 2014. These now form the basis for the Seán Mac Giollarnáth digital collections which are available on DRI.
The 47 scanned manuscripts and 47 transcripts, each containing 3807 pages, are presented as four separate collections:
• Scanned manuscripts
• Scanned individual manuscript pages
• Transcribed manuscripts
• Transcribed individual manuscript pages.
Another related collection on DRI, Bailiúchán Raidió na Gaeltachta (Seán Mac Giollarnáth), is an audio collection from the Raidió na Gaeltachta archives on the life and work of Seán Mac Giollarnáth.
Hide English