By ticking "I agree" below you are agreeing to the use of cookies and to the terms and conditions of use as outlined above. These are also available on the End User Agreement page. For more information see our Privacy Policy.
Downloaded assets must be used in accordance with the DRI End User Terms and Conditions
Downloaded assets must be used in accordance with the DRI End User Terms and Conditions
Total number of assets (2)
This browser does not support viewing this file type. Please download the asset to view.
Transcript:
D'éirigh mise ar maidin. Thriall mé orm 'un an tsléibhe. Bhog liom suas ar thaobh an
chnoic. D'éirigh an giorria romham. Muise, (dar fia) go deimhin,
rith an giorria chomh sciobthaí is d'fhéad sé go barr an chnoic
(ach) d'fhan sé. Shiúil mise go sciobthaí (...) suas 'na dhéidh.
Bhí mé cinntí go mb'fhéidir go... go bhfanfadh sé liom. Bhí mo mhada beag leis an
tsáil agam suas le sáil an ghiorria. Ara, chuaigh an giorria go barr an chnoic agus
d'éalaigh leis síos ar thaobh an chnoic, an taobh (óduaidh) dhon
chnoc ins na heanaigh beaga bána, ins na gleannta thart (os coinne)
an bhiorla[1][2] a chois na habhna. Bhí an biorla chomh hard is
nár fhéad mise é a fheiceál. Bhí sé faoin mbiorla ag faireadh ormsa agus níor fhéad
mise é a fheiceál, ach chonaic seisean mise.
Chuaigh mé síos le fánaidh, tursach sáraithe nó gur chuartaigh mé thart ins an áit ar
shíl mé a mbeadh sé, is bhí sé míle (is fiche) uaim. Chroch sé a
chloigeann. Chonaic sé mé. Chuaigh sé dho léim thar an abhainn. Ní rabh mise sách
láidir ná dadaí dhá shórt. B'éigean dom an abhainn a shiúl go rabh mé fliuch báití
tursach fuar(...). Tháinig mise ar ais aríst aníos an cnoc in éis an ghiorria. Nuair
a tháinig sé trasna na habhna, ara, (blár) an domhain, is bhí an
giorria ag tabhairt chaon léim aníos an cnoc is mise go (hathlamh)
ag siúl aníos ina dhéidh (díreach).
Bhí sé tursach sáraithe thuas i mbarr an chnoic nuair a bhí mise leath an bhealaigh.
Síos, síos go dtí an (taoide) cinntí. Bhí an mada beag déantaí chomh
dona liom féin. Bhí sé tursach ag goil thart ag seilg thart round
about ag iarraidh a lorg a fháil. Fuair sé a lorg ar deireadh thiar. D'imigh
an giorria nuair a chonaic sé mise ag tíocht in aice leis. D'imigh leis siar go
hUmhall Uí Mháille thart na cnoic round about, is níor stop sé
ariamh ná go ndeachaigh sé go bord farraige síos go (Drogheda) agus
aníos leis (le) fánaidh go dtáinig sé insa... insa gcuan céanna a
rabh sé san oíche ann. Bhí mise ag tíocht is ag imeacht tursach sáraithe le linn an
tráthnónaí. Ara, nuair a tháinig mise isteach abhaile, by
goraway, bhí mé chomh tursach nár fhéad mé mo chuid éadaí fliuch a bhaint
díom ach mo shuí ansin fliuch báití fuar crupthaí gan tinidh gan teas gan digh gan
deis ná dóigh.
**********
D'éirigh mise ar maidin.
D'éalaigh mé síos go (Garachain),
An áit a rabh mé ag triall ar maidin ann.
I measc na daoiní móra is na daoiní cóir ann
Tá gean na ndaoiní ar mhuintir (Gharachain).
Grá mo chroí iad, mo chuid 'on tsaol iad.
Tá gean na ndaoiní ar mhuintir (Gharachain).
Tá na daoiní móra ann, tá na daoiní cóir ann.
Tá an gréasaí bróg ann in achuile theach acu.
Tá an ceannaí mál anuas ón gClár
Ag iarraidh a bheith ag déanamh (áras)
Ar (bhaltachaí) beaga, gránna (Gharachain).
Tá an caibléaraí ann, tá an máistir scoile istigh i gceartlár an bhaile acu
Ag múnadh eolas dho chuile leaid
Tá an Reading Made Easy agus an Primer
agus an Dictionary.
"Ara, cén sórt iad sin?" arsa mise.
"An The Reading Made Easy ná an Dictionary
Ní rabh, ní fhaca mise ariamh iad.
Níl a fhios agam cén sórt iad.
An t-iarratas atá ormsa:
Tá mé ag iarraidh bean ort dho mo mhac!"
1. = bhiolra/bhiolair. Cf. Éamonn Mhac an Fhailigh, The Irish of Erris, county Mayo (Dublin, 1968; repr. 1980), § 472.
2. = bhiolra/bhiolair. Cf. Éamonn Mhac an Fhailigh, The Irish of Erris, county Mayo (BÁC, 1968; athchló 1980), § 472.
Commentary:
Tá an giota neamhchoitianta seo roinnte ina dhá chuid. Tá cur síos sa chéad chuid ar an údar ag tóraíocht giorria ach nach n-éiríonn leis, agus sa dara cuid déantar cur síos ar cheantar agus na daoine a mhaireann ann. Níl an chuma ar an scéal go bhfuil aon mhóitífeanna béaloidis gur fiú trácht orthu sa scéal ar thóraíocht an ghiorria ná go bhfuil sé bunaithe ar aon chineál eile insinte gur fiú trácht air, agus b'fhéidir nach bhfuil ann ach 'chronicate', nó scéilín bunaithe ar eachtra a bhain don scéalaí féin. Ar ndóigh, luaitear logainmneacha áirithe, agus is léir gurb é atá i gceist le ceann acu seo ná Umhall Uí Mháille, limistéar i gcontae Mhaigh Eo a bhfuil dhá bharúntacht ann. Umhall Uachtarach a thugtaí tráth ar Bharúntacht Mhuraisce, agus thugtaí Umhall Íochtrach tráth ar bharúntacht Bhuiríos Umhaill. Tugadh Umhall Uí Mháille ar an dá bharúntacht le chéile. Féach Theresa McDonald, Achill Island (Tullamore, 1997), 5. Ní fios go díreach cá bhfuil Darachaí/Garrachan, ach d'fhéadfadh sé gurb é Dararach, i bparóise Chill Chomáin, contae Mhaigh Eo, atá i gceist, nó 'Garoke' i bparóiste Sheanchua, contae Shligigh. Is cosúil go gcríochnaíonn an giota go tobann, agus d'fhéadfadh sé gur blúire de phíosa níos faide, nár taifeadadh, atá ann.
Commentary:
This unusual piece is in two parts, the first describing the author's pursuit of a
hare without success, and the second describing an area and its people. The story of
the pursuit of the hare does not seem to contain any major folkloric motifs or be
based on any other significant narrative types, and may simply represent a
chronicate, or remembered anecdote from the storyteller's experience. It does mention
some placenames, one of which can be identified as Umhall Uí Mháille, a region in
county Mayo comprised of two baronies. Umhall Uachtarach (Upper Owel) was the former
name of the Barony of Murrisk, and Umhall Íochtrach (Lower Owel) was the former name
for the barony of Burrishoole. Together they were known as Umhall Uí Mháille, or the
Territory of the O'Malleys. See Theresa McDonald, Achill
Island (Tullamore, 1997), 5. The location of Darachaí/Garrachan is unclear,
but it is perhaps to be identified with Dararach, in Kilcommon Parish, county Mayo,
or Garoke in Shancough parish, county Sligo. The item seems to end abruptly, and
could be part of a longer piece that went unrecorded.