By ticking "I agree" below you are agreeing to the use of cookies and to the terms and conditions of use as outlined above. These are also available on the End User Agreement page. For more information see our Privacy Policy.
Downloaded assets must be used in accordance with the DRI End User Terms and Conditions
Downloaded assets must be used in accordance with the DRI End User Terms and Conditions
Total number of assets (2)
This browser does not support viewing this file type. Please download the asset to view.
Transcript:
(Tráth nuair) a bhí an Suibhneach ar (Chnoc Bhéal
Leice) ag breathnú i ndiaidh cupla caora a bhí aige chonaic sé duine
uasal ag teacht chomh fada leis agus a chána ina láimh agus a chú lena thaobh. Agus
nuair a tháinig sé (chun) láithreach d'fhiafraigh sé dhó an rabh a
fhios aige cán áit a raibh an Suibhneach anseo.
Dúirt sé go raibh an Su-... "Anois, a bhuachaill," ar seisean, "agus tá sé imithe as
baile agus ní bheidh sé ar ais go ceann míosa nó sé seachtainí. Agus dúirt sé liom
nuair a bhí sé ag imeacht, ar seisean, dhá dtiocfadh duine uasal ar bith an bealach
seo, ar seisean, fios a ainm a fháil. Agus cén t-ainm atá ort?"
"Mise Réalta Bun Finne," ar seisean, "as Bun Sliabh Finne."
"Ach a Réalta Bu-... An leat an mada?" ar seisean.
"(Liom, a dhuine)," ar seisean.
"A Réalta Bun Finne as Bun Sliabh Finne,
Cuir do shrón i bpoll tóna do mhada!
Agus thusa, a mhada chaoil an rubaill fhada,
Cuir do shrón i bpoll tóna do dhuine!
Tháini' sé sin an bóthar dhon (...),
Déanfaidh sé sin (rámhainn)(dhon)(...)ócas (tuirne) nó maide
A (mhúinfeas an bóthar dhuit) go dté tú abhaile."
Commentary:
Is cosúil go bhfuil gaol aige seo le cineál traidisiúnta scéil ar a dtugtar rannscéal, agus ina mbíonn rann i ndiaidh an scéil próis a dhéanann achoimre ar na heachtraí nó a chuireann conclúid leo, ar bhealach glic go minic. Tá an-tóir orthu sa traidisiún Gaelach, agus de ghnáth is le filí agus le filíocht á cumadh gan ullmhú a bhaineann siad. Féach Donald Haase (eag.), The Greenwood encyclopedia of folktales and fairytales (3 iml., Westport, Ct., 2008), iml. 1, 158. Baineann an sampla seo leis an bhfile pobail Mícheál Mac Suibhne (c.1760-c.1820), arbh as áit in aice le Conga i gcontae Mhaigh Eo dó ó dhúchas, agus a chaith mórán dá shaol i gConamara. Féach Máire Ní Mhurchú agus Diarmuid Breathnach, 1782-1881: Beathaisnéis (BÁC, 1999), 75. Ceann de na dánta is mó cáil uaidh ná an aoir ghreannmhar dar teideal 'Iorras Fhlonnáin', agus is cosúil gur aoir eile dá leithéid atá sa sampla anseo, cé gur leagadh mórán dánta nár chum sé féin air sa traidisiún béil le himeacht aimsire. Tá bailiúchán de na dánta a shamhlaítear le Mac Suibhne in Tomas Ó Máille, Mícheál Mac Suibhne agus filidh an tsléibhe (BÁC, 1934). Tá an file ina fheirmeoir nó ina aoire sa scéal, rud a thagann lena bhfuil ar eolas againn mar gheall ar a shaol féin mar scríobh sé dán dírbheathaisnéiseach ar conas mar a theip air agus é ag plé leis an gceard sin. Féach Fraincín Strae, 'An file as an bhFuinseanaigh', Scéala Éireann (19 Meitheamh, 1951), 2. Tá taifeadadh eile i mbailiúchán Doegen ón bhfaisnéiseoir céanna, Is éard a bhí sa Suibhneach, a bhféadfadh sé gurb é an dara cuid den scéal seo atá ann, cé nach bhfuil sé seo cinnte, mar go bhfuil an teanga doiléir agus nach bhfuil an téacs leanúnach. Más amhlaidh go bhfuil seo fíor, d'fhéadfaí a áireamh gur achrann fileata nó argóint fhileata atá sa dá cheann acu, cineál eile insinte atá coitianta i dtraidisiún béil na hÉireann. Féach Dáithí Ó hÓgáin, Myth, legend and romance (Nua-Eabhrac, 1991), 368.
Translation:
Once when Sweeney was on Beleek Mountain (?) looking after a few sheep he owned he
saw a gentleman coming towards him with a cane in his hand and his hound by his side.
And when he came he immediately asked him if Sweeney was there.
"Now my boy," he said, "he has gone away from home and he won't be back for a month
or six weeks. And he told me when he was leaving, he said, if any gentleman came this
way, he said, to find out his name. And what is your name?"
"I am The Star of Bun Finne," he said, "from the foot of Sliabh Finne."
"Is that dog yours?" he said.
"It is, sir," he said.
"Star of Bun Finne from the foot of Sliabh Finne,
Stick your nose in your dog's arse!
And you, you long-tailed skinny narrow dog,
Put your nose in your owner's arse!
He came along the road to (...),
He will spade(?) (...)
spinning wheel or a stick
Which will teach you the road until you go home."
Commentary:
This appears to be related to a traditional narrative type known as a stave anecdote,
whereby there is a verse at the end of a prose narrative that sums up or concludes
the events, often in a clever way. They are very popular in Gaelic tradition, and
usually concern poets or extempore composition of verse. See Donald Haase (ed.), The Greenwood encyclopedia of folktales and fairytales (3 vols,
Westport, Ct., 2008), vol. 1, 158. This example involves the folk poet Mícheál Mac
Suibhne (c.1760-c.1820), who was
originally from near Cong in county Mayo, but spent much of his life in Conamara. See
Máire Ní Mhurchú and Diarmuid Breathnach, 1782-1881:
Beathaisnéis (Dublin, 1999), 75. One of his most famous poems is a comic
satire entitled 'Iorras Fhlonnáin', and the current example
seems to be another such satire, although many poems that were not composed by him
were subsequently attributed to him in the folk tradition. For a collection of poems
associated with Mac Suibhne see Tomas Ó Maille, Mícheál Mac Suibhne
agus filidh an tsléibhe (Dublin, 1934). The poet appears in the story as a
farmer or shepherd, which accords well with what we know of his life, as he wrote an
eponymous autobiographical poem about his failure in that profession. See Fraincín
Strae, 'An file as an bhFuinseanaigh', Scéala Éireann (June
19, 1951), 2. Another recording from the Doegen collection by the same informant, Is éard a bhí sa Suibhneach, may be the second part of this
story, although this is far from clear, since the language is indistinct and the text
is not continuous. If this is the case, the two may be considered as a poetic combat
or exchange, which is another common narrative type in Irish oral tradition. See
Dáithí Ó hÓgáin, Myth, legend and romance (New York, 1991),
368.